Coláiste Chomáin, Ros Dumhach


Go to content

Fáilte



Ar son Bhord Bhainistíochta na Foirne agus ár scoláirí ba mhaith linn fáilte a chur romhaibh. Tá súil agam go dtugann an suíomh seo blas den scoil díobh.

Sa suíomh seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsula de shaol an Choláiste, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim an Choláiste.

Táimid ar fad an-bhródúil as an dul chun cinn suntasach atá déanta ag Coláiste Chomáin le cúpla bliain anuas. Is údar mór áthais dúinn freisin cé chomh maith agus a éiríonn le daltaí an Choláiste go hacadúil, in imeachtaí eischuraclaim, go sóisialta agus i saol na hoibre taobh amuigh den scoil.

Tá buíochas ar leith ag dul do fhoireann an Choláiste, na múinteoirí agus an fhoireann thacaíochta, don éacht oibre a chuireann siad isteach lá i ndiaidh lae chun barr feabhais a bhaint amach agus a choinneáil mar ghnáth chaighdeán in imeachtaí uile an Choláiste.

Cuireann Coláiste Chomáin oideachais d'ard chaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge. Soláthraíonn muid timpeallacht a spreagann gnéithe acadúla agus praiticiúla, chomh maith le forbairt shóisialta an dalta.

Tá foireann dhíograiseach i gColáiste Chomáin atá lán le fuinneamh agus ionspioráid. Tugann gach múinteoir cabhair don dalta laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine








Tá Coláiste Chomáin mar chuid de h-ocht meán scoil atá faoi bhráid
Coiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo




Back to content | Back to main menu