Main menu:
Tréadchúram
Oideachas Soisialta, Pearsanta agus Sláinte
Is páirtíocht atá i gceist san oideachas idir daltaí, tuismitheoirí nó caomhnóirí, foireann na scoile agus an pobal i gcoitinne. Tuigeann Coláiste Chomáin gur duine neamhspleách é gach dalta, go bhfuil forbairt le déanamh aige/aici (ie. pearsanta, fisiciúil, spioradálta, mothaitheach, gnéasach, sóisialta agus acadúil) chun páirt a ghlacadh sa saol ar mhaithe leis féin, leis an dteaghlach, leis an scoil agus leis an bpobal i gcoitinne. Is iad na tuismitheoirí nó na caomhnóirí na príomhoideachasóirí ach tá ról tánaisteach ag Coláiste Chomáin san obair seo agus agus de bharr sin go bhfuil clár Oideachas Sláinte ar siúl againn anseo. Seo a leanas an siollabas:
An Teastas Sóisearach
Aistriú ón mBunscoil
Scileanna Caidrimh
Scileanna Staidéir
Scileanna Sláinteachais agus Glaineachta
Féinmhuinín agus Féinmheas a fhorbairt
Caidreamh Idirdhuineata
Fás agus Forbairt Fisiciúil agus Gnéasach
Úsáid agus Mí-Úsáid Substaintí
An Teastas Sinsearach
Atáirgeadh, collaíocht dhaonna,
Pleanáil chlainne agus ag iompar,
Ról tuismitheoirí
Galair collaí inaithriste,
Caidrimh ghrámhara agus pósadh,
Stadas gnéasúil,
Rólanna inscne,
Ciapadh gnéis,
Ionsaí agus éigniú,
Drochúsáid nó drochíde.
Aistriú ón mBunscoil
Bliain 1
Difríochtaí idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil, múinteoirí, líon na ndaltaí, fad ó bhaile, ábhair nua, cód iompair na scoile, daoine nua, grúpa ranga nua, cairde nua, Scartha ó shean-chairde, múinteoirí nua, scileanna nua, réimse leathan d'ábhar, stíleanna difriúla múinteoireachta, modhanna difriúla múinte, amchlár, obair bhaile.
Scileanna Caidrimh
Bliain 1
Tasc don ghrúpa iomlán – taithí ar chomhoibriú, conas grúpa a dhéanamh – cathaoirleach; rúnaí, ag éisteacht – an tábhacht a bhaineann le héisteacht
Bliain 2
Na rudaí a chabhraíonn le caidreamh maith, atmasféar a chruthú, cluichí éisteachta, corpchaint, mé féin – eolas agus teanga oiriúnach
Bliain 3
Ceannasaíocht, ag diúltú, scileanna caidrimh
Oideachas Sábháilteachta
Bliain 1
Sábháilteacht ar scoil, áiteanna dáinséaracha – an Saotharlann agus an Chistin, cosc ar thimpistí, freagracht phearsanta ar chách
Ar na bóithre, taisteal ar scoil – modhanna taistil, rialacha bóthair, sábhailteacht phearsanta – leat féin – áiteanna dáinséaracha srl.
Druil dóiteáin, rialacha – rolla, druil dóiteáin a dhéanamh go rialta
Sábháilteacht sa teach, áiteanna dáinséaracha, cosc ar thimpistí, ceangal le garchabhair
Sábháilteacht san uisce, rialacha snámha, bratacha
Scileanna Staidéir
Bliain 1
Cén fáth, cuichí cuimhne, an dialann, obair bhaile, leabhair/trealamh a eagrú
Eagrú, áit le haghaidh staidéir - teas, solas, ciúnas, amchlár pearsanta a dhéanamh amach, gnáthstaidéar, dul siar, obair bhreise, scrúduithe, bainistiú ama, freagraí a leagadh amach
Bliain 2
Scileanna, léitheoireacht, samplaí, ceisteanna a dhéanamh, foghlaim de ghlanmheabhair, notaí, achoimre a dhéanamh, cuimhneolaíoch, ag dul faoi scrúdú, obair bhaile ar ais, ag foghlaim ó do bhotúin, fadhbanna, ceisteanna a chur ar an múinteoir, obair bhreise a lorg.
Bliain 3
Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, ullmhúchán, staidéar, bainistiú ama
Scileanna Sláinteachais agus Glaineachta
Bliain 1
Cothú, na cothaigh agus feidhmeanna, réimse bia cothrom agus aiste bia, bia mhífholláin Glaineacht phearsanta, craiceann – folcadh/boladh coirp, gruaig – níocháin/míolta/sail chnís, fiacla – glanadh/meath/bia
Aclaíocht, scíth a ligint, caitheamh Aimsire – áiseanna, fearais spóirt – éadaí cearta, rith timpeall V teilifís
Bliain 2
Cothú, calraí a chomhaireamh, riachtanais speisialta, easláinte – anaemacht, anorexia, bulimia, cailliúint meáchain, dul i dtroime, glaineacht, frídíní ar chraiceann, ar lámha, frídíní sa mbia, sa chócaireacht, aclaíocht, scíth a ligint, meáchan a chailliúint, méid calra a chailleann tú ag déanamh rudaí éagsula, garchabhair
Bliain 3
Glaineacht - víorais agus conas a scaiptear iad, scíth a ligint, conas deileáil le strus na scrúduithe, garchabhair
Féinmhuinín agus Féinmheas
Bliain 1
Féin iomhá; scéal Sam; daoine a mholadh; féinmhuinín; maíomh
Bliain 2
Féin-mhuinín; na scileanna atá againn – buanna; freagracht; moladh; caitheamh anuas ar dhaoine
Bliain 3
Ag caint fúm féin: is féidir liom; cairdeas; rólanna, meon dearfach
Caidreamh Idirdhuineata
Bliain 1
Cairdeas a bhunú; mo chlann, daoine eile; bobaireacht agus maistínteacht; saghsanna, conas deileáil leis, daoine a fhágáil amach, daoine ag troid – fisiciúl, ag argoint .
Bliain 2
Céard is cara ann, ag déanamh cairde, mise mar chara, fadhbanna le cairde, coimeád rialacha, mise i mbróga duine eile, comhoibriú
Bliain 3
Nithe atá tábhachtach duit, caidreamh agus cumarsáid, fadhbanna
Fás agus Forbairt Fhisiciúil agus Ghnéasach
Bliain 1
Ag fás agus ag athrú, fisiciúil, buachaillí & Cailiní – forbairt luath nó déanach, inmhe, mothúcháin / craiceann / hormón / fuil mhíosta, an córas atáirgeadh, toircheas agus forbairt an fin
Bliain 2
Breithiúnas Ceart, brú ó cháirde, mothúcháin a smachtú agus freagracht a ghlacadh, luachanna spioradálta, breith linbh
Bliain 3
Ag diúltú, torthaí, an ABC de thoircheas, STD