Main menu:
Tréadchúram
Is ionad iomlán foghlama é Coláiste Chomáin, áit a chaitear le gach duine mar dhuine faoi leith. Oibríonn an fhoireann agus na daltaí le chéile chun barr feabhais a bhaint amach i dtimpeallacht shabháilte agus chairdiúil, áit a mbíonn atmaisféar de chomhmheas agus de chomhoibriú i bhfeidhm. Is mian linn atmaisféar a chruthú taobh istigh den scoil, áit a mbíonn meas ar údarás agus áit a chuirtear staidéar agus éachtaí chun cinn.
Cuireann Coláiste Chomáin timpeallacht le haire agus le smacht ar fáil, áit a dtugtar dúshlán do gach dalta barr feabhais acadúil agus pearsanta a bhaint amach. Ligeann an t-atmaisféar seo, a láimhseáltar go cothrom agus go docht, do gach duine forbairt go pearsanta, go hacadúil agus go sóisialta. Oibríonn muid i bpáirtíocht le tuismitheoirí chun buanna daltaí a fhorbairt agus chun freastal ar riachtanais gach duine. Tá teanga na Gaeilge agus cultúr na hÉireann mar bhunchloch gach gné dár saol scoile.